Is í Comhairle Contae Chill Mhantáin an Príomh-Údarás Áitiúil le haghaidh Platform 31 agus tá an scéim agus an buiséad a bhaineann leis an scéim á mbainistiú aici. Comhaontaíonn iarratasóirí, trí iarratas a sheoladh ar aghaidh, leis na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas:
Ní dhéanfar aon chistí a bhronnadh ach má tá siad ar fáil. Is féidir cistí a choimeád siar nó a roinnt faoi lánrogha Chomhairle Contae Chill Mhantáin.
Caithfear Cumann na nOifigeach Ealaíon Údaráis Áitiúil, an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Contae Chill Mhantáin a aithint in aon phoiblíocht a bhaineann leis an saothar ar tacaíodh leis faoin scéim seo.
Caithfidh iarratais na critéir cháilitheacha a dtugtar cuntas orthu a shásamh. Measfar nach gcáilíonn iarratais neamhcháilitheacha agus ní dhéanfar measúnú orthu.
Caithfidh iarratais a bheith go hiomlán líonta agus caithfidh na hiatáin ábhartha tacaíochta go léir a bheith iontu, faoi mar a iarrtar. Measfar nach gcáilíonn iarratais neamhiomlána agus/nó dhéanacha agus ní dhéanfar measúnú orthu.
Ní féidir iarratais a dhéanamh ach tríd an bhfoirm iarratais ar líne ar an láithreán gréasáin seo.
Seolfar aitheantas scríofa i ríomhphost chugat lena dheimhniú go bhfuarthas d’iarratas.
Cláróidh iarratasóirí rathúla le Téarmaí Tagartha Ealaíontóra Platform 31 (atá ar fáil d’iarratasóirí ar iarraidh). Níl sparánacht Platform 31 in-aistrithe agus ní bhronntar é ach ar pháirt a ghlacadh sa scéim seo. Beidh ar iarratasóirí rathúla dialann a choimeád dá rannpháirtíocht agus tuairisc ghearr a sheoladh ar aghaidh ar an bpáirt a ghlac siad sa scéim.
Caithfear tograí a chomhlíonadh go hiomlán laistigh d’ amfhráma scéim Platform 31.
Tá an ceart ar cosaint ag Grúpa Stiúrtha Platform 31 chun athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim Platform 31 ag aon tráth agus is féidir leis aon athruithe is gá a dhéanamh, dá bharr, foirmeacha eile chun roghnú a dhéanamh san áireamh, gan aon fhógra a thabhairt roimh ré agus faoi lánrogha an Ghrúpa Stiúrtha.
Déanfaidh Oifigigh Ealaíon agus cleachtóirí gairmiúla ealaíon measúnú ar iarratais i bpróiseas dhá chéim, faoi mar a dtugtar cuntas air ar an láithreán gréasáin seo.
Tabharfar fógra d’iarratasóirí a luaithe is indéanta, ach tá súil leis, áfach, go nglacfaidh sé idir 6 agus 8 seachtaine ar an bpróiseas foriomlán idir an tráth a sheoltar iarratais ar aghaidh go dtí go bhfógrófar torthaí.