Site Navigation

Platform31 logo design by A Worthy Cause

Scéim forbartha ealaíontóirí ar fud na tíre atá faoi stiúir na 31 Oifig Ealaíon Údaráis Áitiúil i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon

Cuireann na hOifigí Ealaíon Údaráis Áitiúil, i gcomhoibriú leis an gComhairle Ealaíon, PLATFORM 31 i láthair - deis náisiúnta d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus smaointe nua comhoibrithe, taighde, forbartha lucht féachana, comhfhorbartha áite a thástáil agus chun a gcuid saothar a roinnt.

Tá sé in ainm is tacú le forbairt gairm bheatha agus é a chur ar fáil do 31 ealaíontóir atá i lár a ngairme beatha (ealaíontóir amháin i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil timpeall na hÉireann), tá dhá ghné thacaíochta ann d’ealaíontóirí a ghlacann páirt sa scéim: gné airgeadais agus forbartha.

Gheobhaidh ealaíontóirí rannpháirteacha sparánacht €8,000 chun infheistiú a dhéanamh iontu féin agus ina gcleachtas, agus chun páirt a ghlacadh i gcreat comhairleach agus forbartha agus líonra náisiúnta idir piaraí.

Bunóidh an scéim creat líonraithe idir piaraí do na healaíontóirí a ghlacann páirt ann, a chuirfidh in aithne iad do ghrúpa smaointeoirí criticiúla chun a saothar agus a bhfoghlaim a roinnt, agus comhrá náisiúnta a spreagadh faoi shaothar a chruthú i gcomhthéacsanna áitiúla. Cuirfidh tograí agus ábhair spéise na 31 ealaíontóir a roghnófar eolas ar fáil do chineál cruinn an chreata tacaíochta ealaíontóirí seo, a bheidh ar siúl ar feadh thart ar 6 mhí ó Fheabhra 2021.

Is í aidhm na scéime roinnt ama a thabhairt d’ealaíontóirí machnamh a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaidís smaointe nua a thástáil, taighde a dhéanamh ar chuir chuige nua agus saothar a dhéanamh ar bhealach difriúil, agus bheith ceangailte le cleachtóirí piara, comhairleoirí agus meantóirí agus tacaíocht á fáil uathu i gcomhthráth.