Rinne Covid-19 an chonair a bhunathrú do na healaíona agus don chultúr ar an mbealach sin a mb’fhéidir nach bhfillfidh sé ar ghnáthleibhéil sna healaíona go dtí 2025. Tá stop iomlán curtha le hobair go leor ealaíontóirí agus cé go gceadaítear faoi Athléimneacht agus Téarnamh 2020-2021: Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 an Rialtais chun gníomhaíocht ealaíonta a atosú ar “leibhéil” áirithe, ní mheastar go bhfillfidh an lucht féachana ar an ngnáthscála ach go ceann 12 mhí, ar a luaithe. Déanann seo na deiseanna atá ar fáil d’ealaíontóirí a athrú go suntasach.
Thapaigh na hÚdaráis Áitiúla agus an Chomhairle Ealaíon, ar an ábhar sin, an deis seo chun teacht le chéile chun triail phíolótach a bhaint as deis eile infheistíochta do na healaíona, trínar féidir leo iad féin a fhorbairt, obair nua a chruthú agus páirt a ghlacadh i bpróiseas atá faoi stiúir piaraí.
Tá an scéim faoi stiúir na nOifigí Ealaíon Údaráis Áitiúil ar fud na hÉireann, ar príomhacmhainní iad sa bhonneagar ealaíon náisiúnta. Tá ról ríthábhachtach acu i bhforbairt ealaíontóirí agus tá siad ag tacú le healaíontóirí ar bhunleibhéal agus tá ealaíontóirí á gcoimisiúnú agus á bhforbairt acu ar feadh breis agus 35 bliain.
Aithníonn Platform 31 riachtanais uathúla ealaíontóirí ag an tráth seo agus tá mar chuspóir acu tacú lena bhforbairt agus lena bpróisis smaointeoireachta i rith na tréimhse dúshlánaí seo. Tabharfaidh sé an spás dóibh chun machnamh a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaidís dul chun cinn ar bhealach bríoch agus tacaíocht á fáil acu ó phiaraí, ó líonra comhairleoirí agus meantóirí a fhreastalaíonn ar a riachtanais atá ag teacht chun cinn, agus ó acmhainn sheasmhach agus thaithíoch agus sainacmhainn - a nOifig Ealaíon Údaráis Áitiúil.
Is í aidhm fhoriomlán Platform 31 an spás agus an t-am a thabhairt do 31 ealaíontóir machnamh a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaidís smaointe nua a thástáil, taighde a dhéanamh ar chuir chuige nua agus saothar a dhéanamh ar bhealach difriúil, agus bheith ceangailte le cleachtóirí piara, comhairleoirí agus meantóirí agus tacaíocht á fáil uathu i gcomhthráth.
Níl an scéim dírithe ar thionscadal nó ar aschur go sonrach. Bunóidh an scéim creat líonraithe idir piaraí do na healaíontóirí a ghlacann páirt ann, a chuirfidh in aithne iad do ghrúpa smaointeoirí criticiúla chun a saothar agus a bhfoghlaim a roinnt, agus comhrá náisiúnta a spreagadh faoi shaothar a chruthú i gcomhthéacsanna áitiúla.
Chuir na hOifigí Ealaíon Údaráis Áitiúil agus an Chomhairle Ealaíon in iúl gurb iad seo a leanas cuspóirí scéim Platform 31:
Chun tacú le 31 ealaíontóir a bhfuil sparánachtaí acu ar fiú €8,000 iad chun an t-am a chaitheamh chun smaoineamh faoi bhealaí nua oibre agus comhoibrithe agus iad a thástáil;
Creat forbartha / comhairleach a chruthú chun tacú le healaíontóirí rannpháirteacha;
Líonra náisiúnta idir piaraí, fóram plé agus malartaithe a chruthú d’ealaíontóirí rannpháirteacha;
Ealaíontóirí rannpháirteacha, a n-obair agus a gcomhoibriú a léiriú mar chuid den scéim seo;
An méid a d’fhoghlaim ealaíontóir agus forbairtí cleachtais ealaíontóir go háitiúil agus go náisiúnta a roinnt;
An próiseas a dhoiciméadú agus a mheasúnú chun eolas a chur ar fáil do scéimeanna amach anseo;
Díriú ar ealaíontóirí i lár a ngairme beatha a fuair infheistíocht roimhe seo ó Oifigí Ealaíon Údaráis Áitiúil / an Chomhairle Ealaíon;
An bealach a thacaigh, agus a leanann Oifigí Ealaíon Údaráis Áitiúil ag tacú le healaíontóirí ar fud na tíre a thabhairt chun solais.