Léigh an mhír seo a leanas go cúramach, le do thoil, sula leanann tú ar aghaidh leis an bhfoirm iarratais ar líne a líonadh. Beidh an fhoirm iarratais ar líne ar oscailt ón 9 go dtí an 30 Samhain 2020.
Lorgaítear an méid seo a leanas ó iarratasóirí ar fhoirm iarratais Platform 31:
Cinntigh, le do thoil, go mbíonn an t-eolas go léir agat, cáipéisíocht tacaíochta san fhormáid cuí san áireamh, sula leanann tú ar aghaidh chun foirm iarratais PLATFORM 31 a líonadh.
Caithfear iarratais a fháil faoi Dé Luain, an 30 Samhain 2020 ag 17.00 (5pm)
Is é an t-iarratasóir an duine a gheobhaidh cistiú agus tacaíocht eile mar chuid den scéim seo agus a mbeidh air/uirthi glacadh le téarmaí agus coinníollacha an chistithe sin.
Ní íocfar an cistiú a chuirtear ar fáil ach isteach i gcuntas bainc atá á choimeád in ainm an iarratasóra.
Caithfidh an cháipéisíocht go léir a chuirtear ar fáil a bheith in ainm an iarratasóra. Mar shampla, má dhéanann tú iarratas faoin ainm Joseph Walsh, caithfidh an cháipéisíocht go léir, sonraí bainc agus cánach san áireamh, a bheith san ainm sin.
Tá ort ábhar tacaíochta a chur san áireamh le d’iarratas, agus beidh ort é sin go léir a sheoladh ar aghaidh ar líne. Tá an t-ábhar seo ríthábhachtach chun cabhrú leis na daoine a dhéanann measúnú ar d’iarratas chun an tuiscint is soiléire agus is féidir a fháil ar do thogra. Léigh go han-chúramach faoin ábhar tacaíochta, le do thoil, a theastaíonn agus faoi na formáidí inghlactha.
Ba cheart ainm an iarratasóra agus an méid atá iontu nó an méid atá i gceist leo a bheith le sonrú in ainmneacha comhaid na gcáipéisí tacaíochta go léir, e.g. WalshJoseph_CV.docx, WalshJoseph_RáiteasEalaíontóra.pdf.
Nuair atá tú sásta go bhfuil na ceisteanna go léir freagartha agat agus gur uaslódáil tú an cháipéisíocht tacaíochta go léir, cliceáil ‘Seol’. A luaithe a sheol tú d’iarratas ar aghaidh, ní féidir é a leasú. Ná seol d’iarratas ar aghaidh go dtí go bhfuil tú go hiomlán sásta.
Seolfar ríomhphost uathoibrithe chugat ina ndeimhnítear gur éirigh leat d’iarratas a sheoladh ar aghaidh. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní hionann deimhniú go bhfuarthas d’iarratas agus deimhniú go bhfuil sé incháilithe agus go seolfar ar aghaidh é chun measúnú a dhéanamh air.
Measfar go bhfuil d’iarratas neamh-incháilithe, agus ní ghabhfaidh sé ar aghaidh níos faide sa phróiseas más fíor aon rud den mhéid seo a leanas:
Tá ár seacht ndícheall á dhéanamh againn freastal réasúnta ar dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo iarratas a sheoladh ar aghaidh nó a bhfuil deacrachtaí acu teacht ar sheirbhísí ar líne. Má tá riachtanas agat sa limistéar seo, seol ríomhphost, le do thoil, chuig localartsireland@gmail.com tráth nach déanaí ná an 20 Samhain, 2020.
Má tá ceist theicniúil agat faoin bhfoirm iarratais ar líne, seol ríomhphost, le do thoil, chuig localartsireland@gmail.com, agus cuir uimhir ghutháin teagmhála ar fáil. Déileálfaimid le ceisteanna ar bhonn tús freastail ar an duine is túisce. Tabhair faoi deara, le do thoil, b’fhéidir nach réiteofar ceisteanna maidir le tacaíocht theicniúil a fhaightear ar lá an spriocdháta roimh an spriocdháta.
Nuair a bhíonn d’iarratas á ullmhú agat, ba cheart duit é a bhunú ar an gcomhairle sláinte poiblí is fearr atá ar fáil ag an tráth a bhfuil d’iarratas á dhéanamh agat. Nuair a chuirtear seo san áireamh, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil an méid atá á bheartú agat indéanta nó inoiriúnaithe dá n-imreodh scaradh sóisialta agus/nó bearta sláinte poiblí eile tionchar ar fhad iomlán na scéime nó ar chuid d’fhad na scéime (Feabhra-Meán Fómhair 2021).